Chabhraigh muintear na hÉireann leis an mBéarla a chur i réim mar theanga dhomhanda (mar tá an dealramh air pé scéal é gur teanga dhomhanda é).  Ach is í an usáid leathan sin an Bhéarla an bac is mó ar athbheochaint na Gaeilge.  Tá deis ann anois ag Éireannaigh páirt a ghlacadh i nGluaiseacht a chuirfidh srian le leathadh iomarcach an Bhéarla.  Cén fáth gur ceart duinn an deis sin a thapú?

1. Chun an Béarla a shabhail air féin.  Má leanfar ar aghaidh ó Hong Kong go Bruiséil ag stangadh is ag baint mí-usáid as millfear é.
2. Chun mionÉtheangacha in gach tír a chosaint is a chothú.
3. Chun an coimpléasc isleachta atá ag a lán againn faoinár teanga féin a scaipeadh.

An bac é ar athbheochaint na Gaeilge an pháirt dhomhanda atá ag an mBéarla?  Tugtar duinn mar shamplaí an Fhionlainn, Iosrael, an Indinéis....  D'éirigh leo san a dteangacha náisiúnta a athbheochaint ach teipeann orainn. Ach níl an comparáid sin cóir.  Thástaigh ó na Fionlannaigh an Fionlannais a chur in áit an Sualannais. Ach is sa Sualann amháin a labhairtear í sin.  Ní raibh morán le cailleadh acu.  In Iosrael bhi gá le teanga chomónta do dhaoine a thánaig ó a lán tíortha éagsúla.

An ceart dúinn glacadh leis gur teanga dhomhanda é an Béarla, an teanga a labharfadh beirt ó dhá thír ar bith le céile?  Is fíor go bhfaighidh aon duine a usáideann aerlinte idirnáisiúnta, bainc mhóra, nó ostlanna costasacha duine éigin a labharann saghas éigin Béarla.  Má bhogann tú siar ó na lárionaid go ostlanna beaga nó bainc bheaga éirionn deacarachtaí don Bhéarlóir, fiú amháin sa Eoraip.  Fuair aoinne a thaistil thar lear amach nach fíor go bhfuil Béarla ag chuile dhuine, fiú i dtíortha ina múintear é go coitianta ins na scoileanna.

Ní chuireann sé sin ionadh orainn mar múintear Français do mhórchuid de dhsltaí meánscoile na hÉirinn ach an féidir leo í labhairt?  'Se an rud céanna i gcás daltaí ag foghlaim Béarla i dtíortha eile.  Is fíor go n-éisteann siad le popamhráin i mBéarla.  Ba maith leo leabhair i mBéarla a léamh ach is obair an-dhian dóibh é.  Ni feidir linn, a labhríonn Béarla ón gcliabhán a shamhlú comh deacair is atá sé do chuid féin a dhéanamh de theanga ina bhfuil an gramadach comh neamhshoiléir ach ag an am gcéanna atá comh cinnte faoi cad is ceart nó mícheart.  An áit a n-usáideann Spáinneach "No?" ag deireadh abairte deireann an Béarlóir "Isn't it?", "Won't he?", "Didn't they?" agus araile.  Is tinneas cinn ann féin é an briathar "Do" (Déan).  Is tinneas cinn ann féin é an briathar "Do" (Déan).

Casfaidh tú ar chuid mhaith eachtrannaigh annseo a labhraíonn Béarlasiad morán botún.  Ach níl amhras ann go mbíonn barr ábalachta in aon chomhrá ag an gcainteóir dúchais thar an duine a d'fhoghlaim é.

Ní mór duinn a mheabhrú duinn féincuibheasach maith, ach de ghnáth deireann siad leat gur beag nach raibh focal acu ag fágáil na scoile dóibh.  Déanann sé difríocht an domhain maireachtáil le teanga.  Fiú amháin iad siúd atá annseo le fada déanann go mbíonn doicheall roimh an mBéarla ag a lán gurbh éigin dóibh é fhoghlaim.  Nuair a gcaithfidh siad é úsáid agus nuair bhíonn fhios acu go ndéanann siad botúin mothaíonn siad corrabhuaiseach, mishona, agus fiú amháin náirithe.

Bhí an leiriú ab fhearr ar sin le feiscint san Iaráin taréis tuitim an Seá.  Chreid an Aire Oideachais nua in Esperanto agus chuir sé cúpla caibidil eolais faoin teanga idirnáisiúnta ins na teacsleabhair meánscoile nua.  Is é an toradh a bhí air gur dhiúltaigh 80,000 daltaí scoile níos mó teangacha "Imperiúlacha" a fhoghlaim agus ní shásódh dada iad ach go múinfí Esperanto dóibh.  Chuireadh dianchúrsa míosa ar fáil do mhuinteóirí.

Bhiothas ag súil le 300 múinteóirí ach tháinig 800.  Chuaidh siad thar ais chuig na scoileanna agus thosaigh siad ag múineadh.  Ó shin i leith tá fhios againn gur chuir na dáltaí picéid ar aonaigh trádála ag iarraidh ar thaispeántóirí iasachta Esperanto a úsáid.  Ar thug taispeántóirí na Éireann fé ndeara iad sin, fiú amháin?  Is simplí an gearán atá acu.  Ba mhaith leo teacht a bheith acu ar eolaíocht agus teicneolaíocht nua-aimseartha gan deich mbliana a chaitheamh ag foghlaim Béarla agus Gearmáinis roimh ré.

Mar an gcéanna i 1979 d'impigh cainnteóirí Esperanto na Síne ar Eorpaigh Esperanto a úsáid leo.  Dúirt siad go bhfuil teangacha Eorpacha an-deacair do Shínigh agus do Oirthearaigh go gcoitinne, is é sin do a leath den chine daonna. Múintear Béarla, Seapáinis, an Fhraincis agus teangacha a chuid féin díobh.  Tá teanga idirnáisiúnta ag teastáil uatha, ach teanga a bheadh comh simplí agus is féidir do gach phobal.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí Esperanto á mhúineadh i 20 ollscoil.  I 1982 d'fhógair Roinn Oideachais na Síne go mbeidh Esperanto feasta ar aon chéim le h-aon teanga iasachta sna scoileanna agus ollscoileanna le haghaidh scrúdaithe, taighde, agus árdaithe céime.  Ó shin i leith is iontach an fás atá air.

Má tá Béarla comh deacair san cén fáth a n-úsáidtear é comh forleathan sin?  Níl ach cúis amháin ar sin, cúis stairiúl, gur lean sé bratach Impireacht na Breataine chun na Astráile, chun na Nua-Shéalainne, chun na Stát Aontaithe, chun na hIndia agus chun na hAfraice (cé go bhfuil deachrachtaí móra teanga sa dhá cheann dheireanach díobh sin).  I gcuid de na Stáit san Afraic is tríd an bhFraincis a fuair na státairí a gcuid oideachais trén Fhraincis agus i gcuid eile trén Bhéarla a fuair siad é agus nuair a chastar thar a chéile iad thar theorainneacha ní féidir leo a bhfadhbanna comónta a phlé.

Nach ceart duinn Éireannaigh cabhrú chun níos mó cothroime agus cirt a chruthú san domhan, ní amháin sa dhaileadh acmhainne ach freisin i gcúrsaí cumarsáide?  I ndáiríre téann siad le céile.

Tá teanga amháin ann, níos mó ná céad bhliain d'aois anois - Esperanto.  Is mar theanga thacair do chách a chumadh Esperanto. Níl sé i gcoinne teanga ar bith, Béarla, Gaeilge ná eile.  Ní bac atá ann ach cúnamh chun teangacha eile a fhoghlaim más toil le duine é sin a dhéanamh.  Teanga so-fhoghlamtha í ag bhfuil rialacha simplí nach bhfuil aon dul siar ortha agus litriú díreach de réir na foghraíochta.

As teangacha móra na hEorpa a tógadh fréamhacha na bhfocal agus tá roinnt mhaith díobh furasta go leor d'aithint dá bhrí sin.  Tá Esperanto in úsáid i ngach tír sa domhan.  Múintear é i 700 scoil i 40 tír agus ina lán ollscoileanna. Tá sé aitheanta ag Unesco mar theanga an-úsáideach agus roinnt blianta ó shin mhol 71 milliún duine ó ghach tír é a ghlacadh mar theanga idirnáisiúnta oifigiúl.  San Fhionlainn le déanaí tar éis fiosrúcháin eile sa Ghearmáin tamall ó shin a bhí an-fhabharach.  Seachas an tSín agus Iaráin tá Esperanto ag dul ar aghaidh go tréan san Ungair, Cúba, an India agus an tSeapáin.  Tá an CEE tar éis deontas a thabhairt le haghaidh iniúchadh faoi oiriúnacht Esperanto mar "droicheadtheanga" chun cabhrú le aistrithe teanga sa Chomhphobal.

Tá grúpa de 153 Teachtaí Parlaiminte na Breataine anois ann a tá an-fhabharach do Esperanto.  Ba cheart duinn mar sin mar náisiún cúis Esperanto a chur chun chinn sa Chomhphobal Eorpach, sna Náisiúin Aontaithe, i Unesco, agus san Eagras nua atá an priomhoifig aige in Áth Cliath - "le Bureau européen pour les langues moins répandues".

Tá go leor déanta againn ar son an Bhéarla.  Tá sé thar am againn cabhrú le teanga fíoridirnáisiúnta.