M'ASAL BEAG DUBH

le Pádraig Ó Conaire

I gCinn Mhara bhíos nuair a chuireas aithne ar m'asal beag dubh idtosach.  Lá aonaigh a bhí ann, agus bhí sé on a sheasamh annsin cois claí agus a thóin le gaoith, gan áird aige ar an saol ná ag an saol air.

Ach chuir mé féin suim ann ó thús.  Bhí asal uaim, bhíos tuirseach den tsiúlóid.  Nach n-iompróidh seisean mé féin agus mo mhala, agus mo chóta mor, agus gach aon tsórt?  Agus cárbh fhios nach bhfaighinn saor go leor é?

Chuireas tuairisc an té ar leis é, ach b'éigin dom an bhaile a chuartú sul má fuaireas é.  Taobh amuigh de theach ósta a bhí sé agus é ag gabháil fuinn ar pinginí.

Dar ndóigh, dhfolfadh sé an t-asal!  Tuige nach ndíolfadh dá bhfaigheadh sé a luach?  Seá, a luach; pingin amháin ní ghlacfadh sé uaim ach a luach.

Agus ar ndóigh, marach a chráite is bhí an saol aige, ní scarfadh sé leis go deó - go deó ní scarfadh!  Asal breá óg d'fhéadfadh fiche míle a chur de go réidh sa ló!  Dá bhfaigheadh sé glac coirce uair sa mhí ní mbhéadh capall rása sa tír d'fhéadfadh coinneáil suas leis - capall rása féin!

Chuamar beirt ag féachaint ar an asal.

An moladh thug an fear siúil dhó!  Ní raibh asal ann ariamh, ó tháinig an chéad asal go hEirinn, a bhí chomh scafánta leis, chomh ciallmhar leis, chomh fadbhreathnaitheach leis - -

"Bhfuil fhios agat nós atá aige?" arsa fear a mholta,  "Dá dtugthá gráinnín beag coirce dhó ar maidin, chuirfeadh sé cuid de i dtaisce ar fhaitíos go mbéadh sé gann lá arna mhárach.  Níl aon fhocal bréige san méid sin – aon fhocal!"

Rinne duine éigin gáire.  D'ionnsaigh an fear siúl é.

"Cé'n gáire sin ortsa, a phleice?" arsa an fear síúil.  "Tá sé chomh ciallmhar sin is go gcuireann sé cuid dá chuid coirce i dtaisce.  Nach minic bhí me féin chomh gann sin is go mb'éigin dom roinnt a ghoid uaidh.  Marach an t-asal sin is minic a bhéadh ocras orm féin agus ar mo dháréag iníon."

D'fhiafraigh mé de an aithneóidh sé cuid na gcomharsan thar cuid a mháistir.

"Tá sé chomh cneasta leis an sagart," arsa mo dhuine. "Dá mbeadh an uile bheithioch eile mar é ní bhéadh call le claí ná sconnsa, fál ná móta -- call ar bith".

MIA NIGRA AZENETO

tradukis Liam Ó Cuirc

En Kinvara mi estis kiam mi unue ekkonis mian nigran azeneton.  Estis foirtago, kaj tie ĝi staris apud la fosaĵo kun postaĵo kontraŭ la vento, senatenta al la mondo kaj la mondo senatenta al ĝi.

Sed ĝi tuj kaptis mian intereson.  Mi bezonis azenon.  Mi jam laciĝis veturante surpiede.  Ĝi portus min, ĉu ne, kaj miajn sakon kaj palton?  Kaj kiu scias, mi povus aĉeti ĝin sufiĉe malmultekoste?


Mi pridemandis la posedanton, sed mi devis serĉi la urbon antau ol trovi lin.  Li estis ekster trinkejo, kantante por pencoj.


Certe li vendos la azenon!  Kial ne vendi, se li ricevus ĝian prezon?  Jes, ĝian prezon, unu solan pencon li ne prenus de mi esceptante ĝian prezon.

Kaj kompreneble, se la tempoj ne estus severaj li neniam forlasus ĝin - ne, neniam!  Bonan junan azenon, kiu povas iri po dudek mejloj tage senĝene.  Donu al ĝi plenmanon da aveno unufoje monate kaj ne estas kurĉevalo en la lando kiu povus konkuri kontraŭ ĝi - ne, eĉ ne kurĉevalo.

Ni ambaŭ iris por rigardi la azenon.

Ho, kiel la vagisto laŭdis ĝin!  De tiam kiam venis la unua azeno al Irlando neniam ekzistis azeno tiel verva, tiel inteligenta, tiel longvida...


"Ĉu vi scias, ke ĝi havas kutimon", li diris laŭdante, "se oni donus al ĝi peceton da aveno matene ĝi flankenmetus iom da ĝi, timante ke estos malabundo la sekvontan matenon.  Estas neniu mensoga vorto en tiu diro - ne unu vorto".

Iu ridis.  La vagisto atakis lin.


"Kion vi priridas, idioto?  Ĝi estas tiel inteligenta, ke ĝi ŝparas iom da sia aveno.  Ĉu mi mem ne estis sufiĉe ofte tiel mankhava, ke mi devis ŝteli iometon de la ĝia? Se ne estus tiu azeno ni ofte malsatus - mi kaj miaj dek du filinoj..."


Mi demandis lin, ĉu ĝi distingus inter tio, kio apartenas al ĝia mastro, kaj tio de najbaro.

"Ĝi estas tiel honesta kiel la pastro", diris la ulo.  "Se ĉiu alia besto estus kiel ĝi, ne necesus fosaĵo, barilo, muro au tranĉeo - tute ne necesus".


Elĉerpaĵoj el la Irlandlingva Literaturo