BODACH AN CHÓTA LACHNA

 


an Fhiannaíocht

Lá aonaigh agus oireachtais a bhí ag na Fianna i mBinn Eadair chonaic siad long chucu faoina lánréim seoil thar an fharraige anoir.  Nuair a bhuali sí port d'éirigh aon ghaiscíoch mór amháin aisti le crann a shleá, go dtáinig den léim sin isteach ar gheal ghaineamh na trá.  Tháinig sé i lathair Fhinn in arm is in éide.


"Cé thú féin d'fhola uaisle nó anuaisle an domhain a ghaiscigh?" arsa Fionn.  "Is mé Caol an Iarainn, mac rÍ na Teasáille", ar seisean go borb.  "Níor fhág mé inis ná oileán ó d'fhág mé mo thír féin gan chur faoi chíos mo chlaímh, agus is mian liom cíos na críche seo a fháil anois nó fear a chloífeas mé."

"Ní fhacamar aon ghaiscioch riamh nach bhfaighfí fear sna Fianna a chloífeadh é", arsa Conán Maol.  "Níl agatsa ach glór amadáin", arsa Caol an larainn.  "Agus dá mbeadh a bhfuair bás de na Fianna i gceann a maireann díobh, ní bhfaighfí fear ina measc a chloífeadh mise.  Ach déanfaidh mé rud is réidhe ná san libh.  Má tá aon laoch amháin agaibh a bhéarfas barr orm ag rith nó ag comhrac nó ag coraíocht, ní dhéanfaidh mé níos mó buartha oraibh ach filleadh ar mo thÍr féin."

"Cé acu de na trí ní sin is fearr leat a fhéachail?" arsa Fionn.  "An bhfuil aon laoch agaibh a bhéarfas geall reatha orm?"  "Caoilte mac Rónáin an fear reatha is fearr againn", arsa Fionn, "ach níl sé i láthair.  Rachaidh mise ar a lorg, agus mura bhfaige mé i dTeamhair é, gheobhaidh me i gCeis Chorainn é."  "Maith go leor", arsa Caol an Iarainn.

Níorbh fhada a chuaigh Fionn gur bhuail sé isteach i gcoill aimhréidh a raibh cosán ag gabháil triti.  Chonaic sé an fear mór buí ag siúl roimhe agus cóta lachna síos go colpa a dhá chois aír.  Ba shamhalta le crann seoil loinge gach cos de dá chois a bhí faoi agus ba shamhalta le taobh báid gach bróg de dá bhroig a bhí air.  Bhí crios dóibe ar iochtar a chóta lachna, agus ní raibh aon choiscéim dá siúladh sé nach mbuaileadh an t-íochtar dóibe mar a bheadh tonn i gcúl na gcos é, agus ní raibh aon uair dá dtógadh sé a bhróga nach scairdeadh sé lán bairille greallaí suas fána mhása air. D'amharc Fionn go híontach air, óir ní fhaca sé a shamhail riamh roimhe.

LA MALĜENTILULO KUN LA GRIZA PALTO


el la Rakontoj pri la 'Fianna' tradukis Liam Ó Cuirc

lun tagon kiam la Fianna kunvenis kaj festis ĉe Beann Eadair, ili vidis ŝipon venantan kun plenblovitaj veloj trans la maro rekte al ili.  Kiam ĝi atingis la havenon ununura altstatura militisto elsaltis el ĝi per la stango de sia lanco, kaj per tiu salto surteriĝis sur la brilsablon de la bordo.  Li venis antaŭ Fionn kun armiloj kaj ekipaĵo.

"Kiu vi estas kaj ĉu de sango nobla aŭ malnobla de la mondo, ho militisto?" diris Fionn. "Mi estas Caol an larainn, filo de la reĝo de Tesalio", li respondis malĝentile.  "De kiam mi foriris de mia propra lando mi venkis kaj submetis al tributo ĉiun insulon kaj ĉiun insuleton kiujn mi vizitis, kaj mi volas nun havigi tributon de ĉi tiu lando aŭ renkonti viron kiu venkos min."

"Mi neniam vidis militiston, kiun ne venkus iu ano de la Fianna", diris Conan Maol.  "Vi havas nur la voĉon de stultulo", diris Caol an larainn,  "Se estus ĉi tie la anoj de la Fianna kiuj iam mortis, kune kun tiuj kiuj vivas, vi ne trovus iun inter ili kiu venkus min.  Sed mi proponas al vi ion pli facilan.  Se vi havas unu heroon kiu superus min kurante aŭ batalante aŭ luktante, mi ne plu ĝenus vin sed reirus al mia propra lando."


"Kiun el tiuj tri vi preferus vidi?" diris Fionn.  "Ĉu vi havas iun heroon kiu superus min en kurkonkurso?"  "Caoilte mac Rónáiin estas la plej bona kuranto kiun ni havas", diris Fionn, "sed li ne ĉeestas.  Mi iros serĉi lin, kaj se mi ne trovos lin en Teamhar, mi lin trovos en Ceis Chorann."  "Bone!" diris Caol an larainn.



Fionn ne estis irinta malproksimen kiam li eniris densan arbaron tra kiu estis vojeto.  Li vidis antaŭ si grandan flavpalan viron piedirantan, kaj sur li estis griza palto malsupreniranta ĝis liaj tibikarnoj.  Ĉiu el liaj piedoj similis al masto de sipo, kaj ĉiu el liaj ŝuoj similis al flanko de boato.  Ĉe la malsupro de lia griza palto estis kota zono kaj ĉiam kiam li pasis la kota malsupraĵo batis la teron simile al ondo malantaŭ liaj piedoj, kaj ĉiam kiam li levis la ŝuojn li ŝprucis plenbarelon da ŝlimo supren sur sian postaĵon.  Fionn mire
rigardis lin ĉar neniam antaŭe li vidis iun similan.

 


Elĉerpaĵoj el la Irlandlingva Literaturo