CÚIRT AN MHEÁN-OÍCHE

le Brian Mc Giolla Meidhre

Ba ghnáth mé ag siúl le ciumhais na h-abhann,
Ar bháinseach úr 'san drúcht go trom,
In aice na gcoillte i gcoim an tsléibhe,
Gan mhairg, gan mhoill le soilse an lae.
Do ghealadh mo chroí nuair chínn Loch Gréine,
An talamh, an tír agus íor na spéire;
Ba thaitneamhach aoibhinn suíomh na sléibhte,
Ag bagairt a gvinn thar dhroim a chéile.
Do ghealfadh an croí a bhí críon le cianta,
Caite gan bhrí nó líonta i bpianta;
An séithleach searbh gan sealbh gan sáibhreas
D'fhéachfadh tamall thar bharra na gcoillte
Ar lachain ina scuainte ar chuan gan cheo,
'San eala ar a bhfuaid 'sí ag gluaiseacht leo,
Na h-éisc le meidhir ag éiri ináirde,
Péirse im radharc go taibhseach tarrbhreac,
Dath an locha agus gorm na dtonn
Ag teacht go tolgach, torannach, trom.
Bhíodh éanlaith i gcrainn ann go meidhreach móbhrach.
Léimneach eilite i gcoillte im chóngar,
Géimneach adharc 'is radharc ar shlóite,
Tréan-rith gadhar 'is Reynard rompu.

Ar maidin inné bhí an spéir gan cheo,
Bhí Cancer ón ngréin 'na caortha teo,
Is í gafa chun saothair tar éis na h-oíche
Agus obhair an lae sin roimpi sínte.
Bhí duilliúr craobh ar ghéaga im thimpeallm
Fiorthann is féar 'ina slaoda taobh liom,
Bhí glasra fáis ann, bláth 'is luibheanna,
Scaipfeadh chun fain dá chráiteacht smaointe.
Bhí mé cortha 'san codladh im thraochadh,
Shín mé tharm ar chothram an fhéir ghlais
In aice na gcrann i dteannta trínse,
Taca lem cheann 'smo hannlái sínte.
Ar gceabgal mo shúl go dlúth le chéile,
Greamaithe dúnta i ndubhghlas néalta,
'Is m'aghaidh agam folaithe ó chuilibh go sásta,
I dtaidhreamh d'hulaing mé an chuilithe cráite,
A chorraigh go lom, pholl go h-ae mé.
Im chodladh go trom gan mheabhair gan éirim.  
Ba ghairid mo shuan nuair chuala, shíl mé, 
An talamh máguaird ar luascadh im thimpeall 
Anfa aduaidh is fuadach fíochmhar 
Is caladh an chuain ag tuargain tinte... 

LA NOKTMEZA KORTUMO

tradukis Albert Goodheir

Mi ĝuis promeni ĉe riverbordo
Dum brilis sur verda herbo la roso,
En montvaleto, laŭ arbarrando,
Matene frue sen lac' aŭ lanto.
Lagon mi vidis kun hela koro
Kaj la kamparon ĝis la horizonto.
Ĉiu montpinto en la pejzaĝo
Ŝajnis balanci sian kapon.
Pro perdo de premo kaj angoro
Ĝojiĝus eĉ morna koro
De ĉifonulo sen ter' aŭ mono
Se li ekvidus en arbarfono
Buntajn anasojn sur ondobrilo
Kun inter ili la blanka cigno.
Fiŝo saltis multmakulata,
Truto belaspekta kaj gaja.
Bluis la akvo, kaj la ondoj
Bruis laŭte kontraŭ la bordoj.
Sur la branĉoj la birdoj kantis,
Cervo tra vepraĵo saltis,
Sonis kornoj, bojis hundo,
Ĉasisto pasis, kuris vulpo.

La ĉielo hieraŭ frue klaris.
Suno julia fajre flamis
Ekvojaĝante el la nokto,
Avida por sia taga rondo.
Super mi ombris kverkaj branĉoj,
Alta herbaĵo densis sur kampoj.
Floroj brilante inter herbo
Forigis zorgojn el mia cerbo.
Laca kaj peza pro dormemo
Kuŝiĝis mi sur la mola verdo.
Sub arboj sur iu herbmatraco
Mi streĉis la krurojn pro mia laco
Kaj dormvenkite fermis l' okulojn
Kun tuk' sur vizaĝo kontraŭ la muŝoj.
En sonĝo io timiga venis,

Koŝmaro nigra sur koro pezis.

Post dorm' mallonga io ekbruis,
Terura tremo la teron skuis.

Ekblovis ŝtormo, tempest' el nordo
Kaj fulmo brilis sur lagobordo...


Elĉerpaĵoj el la Irlandlingva Literaturo