FICHE BHLIAIN AG FÁS

le Muiris Ó Suilleabháin

Fiche bhliain ag fás,
Fiche bhliain faoi bhliáth,
Fiche bhliain ag meath,
Fíche bhliain ag fail báis.

Níl aon bhaol ná gur breá í an óige, cé go bhfuil sí fá réim agamsa fós, agus ní thagann ciall roimh aois.

Buachaill is ea mise a rugadh agus a tógadh thiar sa Bhlascaod Mhor, an t-oileáinÍn fíorGhaelach atá suite thiar thuaidh ar chósta Chearraí, go bhfuil síonta na spéire agus tonnta na mara fiáine ag síorstealladh gan staonadh ó cheann ceann na bliana agus ó ghlúin go glúin i gcoinne na gcarraigeacha méiscreach atá ina seasamh ós cionn na farraige agus as san isteach trí sna cuaiseanne mar a bhfuil na rointe ag neadú.

Is maith is cuimhin liom, in aois mo cheithre mbliana dhom, is é an áit go rabhas ná i nDaingean Uí Chúise fé choimde mná iasachta;  mar ná rabhas ach leathbhliain d'aois buair a fuair mo mháthair bás, beannacht Dé dhílis lena hanam agus la hanmacha na marbh.  Dá bhrí sin, ní raibh éinne chun aire a thabhairt domsa.  Beirt dearthár agus beirt deirféar a bhí agam, ach ba bheag an chiall a bhí acu san ach oiread liom féin chun aire chóir a thabhairt dom.  Dá dheascaibh sin, do chuir m'athair fé choímdhe mná iasachta mé go Daingean UÍ Chúise fé mar a dúrt cheanna.

Bá mhór go léir an smacht a bhíodh orainn, mar do bhí go leor eile mar mise ann, agus níl aon bhaol, pé áit go mbíonn scata páistí, ná go mbíonn siad crosta agus gleoch go maith uaireanta.  Mhuise, ba mhór é ár ndochma riomh an scoil - ach ní galar éinne amham é, is é mo mhórthuairim - mar bhí sí 'ár múineadh máistreas a bhí comh liath le broc, dhá stranfhiacal lasmuigh anuas do liopa a béil, agus mara raibh sí crosta, m lá fós é.

Is cuimhin liom an chéad lá a chuas uirthi.  Is í Peig de Róiste a thug isteach ann mé agus í beirthe ar lámh orm, agus geallaim duit gur le plámás mór a mheall sÍ mé.  "Ó", a deireadh sí, "Tabharfaidh mé isteach in ait dheas inniu thú".  "Agus an bhfuil mildeáin ann?" arsa mise.  "Ó tá go leor agus leabhartha deasa lán de phictiúirí leis ann", ar sise.  Bhí sí ag meallaireacht liom mar sin riamh agus choíche nó gur chuas isteach léithi.

DUDEK JAROJN KRESKANTE

tradukis Liam Ó Cuirc

Dudekjarojn kreskante,
Dudekjarojn florante,
Dudek jarojn kadukigante,
Dudek jarojn mortante.

Sendube juneco estas bona afero, kvankam mia propra junaĝo ankoraŭ ne finiĝis, kaj prudento ne venas ĝis maljuneco.

Viro mi estas, kiu naskiĝis kaj edukiĝis sur la fora Granda Blasket, la vergaela insuleto, kiu trovigas ĉe la nordokcidento de la marbordo de la Graflando Kerry. Tie la pluvŝtormoj de la grizĉielo kaj la ondoj de la sovaĝa maro senĉese furiozas de jarkomenco ĝis
jarfino, kaj de generacio gis generacio, kontraŭ la mezozoikaj rokoj, kiuj staras super la maro, kaj de tie en la kavojn kie nestas la fokoj.


Mi bone memoras, kiam mi havis kvar jarojn, mi loĝis en Daingean sub la protekto de fremda virino, ĉar mi havis nur duon-jaron kiam mortis mia patrino, la beno de Dio estu sur sia animo kaj sur la animoj de la mortintoj.  Pro tio ne estis iu por prizorgi min.  Mi havis du fratojn kaj du fratinojn, sed ili, kiel mi mem, ne havis multe da prudento por taŭge zorgi min. Sekve de tio, mia patro metis min sub la protekton de la fremdulino en Daingean, kiel mi jam diris.




Oni firme regadis min, ĉar estis tie multaj aliaj kiel mi, kaj sendube ie kie estas grupo da infanoj estas ankaŭ bruo kaj kolereteco.

Granda estis nia malinklino al la lernejo - sed tio ne estas- la aflikto de ununura infano, mi opinias - ĉar nin instruadis instruistino, kiu estis tiel grizhara kiel melo, kun du elstaraj dentoj suprenirantaj ekstere de siaj buŝlipoj, kaj ŝi estis tiel kolerema kiel kato en sako.


Mi memoras la unuan tagon ĉe ŝi en la lemejo.  Estis Peig de Roiste kiu enirigis min, tenante min per la mano kaj mi ĵuras al vi, ke estis per granda flato ŝi logis min.  "Ho", ŝi diris, "hodiaŭ mi enprenos vin en belan ejon".  "Kaj ĉu estas bombonoj tie?" diris mi. "Ho, estas multaj, kaj tie estas ankaŭ belaj libroj bildplenaj".  Ŝi tiel logadis min ĉiam kaj ĉiutempe ĝis mi eniris la lernejon kun ŝi.

 


Elĉerpaĵoj el la Irlandlingva Literaturo